Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Martias Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Taighde ar Ór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá páirc áirithe i Gcúíl-a-Bhuacaig ar a dtugtar "an Fatha". Tá carraig mhor in a lár agus creideann daoine go bhfuil ór fé. Tá scotán aitinn ag fás le na taobh. Aon Oidhche amháin le h-eirighe na Gaelaighe do tháinig fear meadon aosta go dtí an áit 'na raibh an t-ór. Do staith sé an sgotán agus fuair sé an próca óir fé. Ansan d'árduig a chroidhe le h-áthas. Bhí an próca cómh mór san gur cheap sé in a aigne féin ná feadfadh duine amháin é do thabhairt leis in aon chor. Do cheap sé seift. Do thóg sé a haincisiúir amach as a phóca agus do cheangael amach as a phóca agus do cheangael sé é mor thímceall ar an sgaothán. Ansan chuir sé an sgaothan anuas ar an bpoll, fé mar raibh se cheana, i dtreó is na feicfeadh aoinne an tómhach. Do rith sé annsan go dtí comhairsain a bhí tímcheall na h-áite agus d'iarr sé congnamh ortha cun an t-ór do bhreith leó ar chuma éigin. Fuair sé an congnamh agus as go brath leó fé na dhéin. Ach mo léir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Síghle Ní Chéilleachair
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    74
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí