Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 059
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuirimíd prátaí sa bhaile gach bliadhain. Ullmhuigheann an fear oibre an talamh roimh ré.
Treabhtar an pháirc ar dtúis agus deintear é do fhuirseadh cúpla uair. Tarraingtear aoileach amach chun é do leathadh idir na caológa. Bíonn na sciolláin 'á ngearradh ag na mná istigh. Leagtar ar bhárr an aoiligh íad. Dúntar na caológa annsan leis an gcéacht agus nuair a bhíonn na gais ag teacht aníos tríd an dtalamh cuirtear aith-chré suas ortha. Cuirtear na prátaí i Mí Márta. Fado bhí céacht adhmaid ann ach céacht iarrainn atá ann anois.
Baintear na prataí i Mí Dheire Foghmair le ráinní nú le céacht nú le h-inneall. Piochtar annsan íad agus cuirtear i dtaigse i bpoll sa dtalamh íad. Tógtar cuid acha abhaile i gcóír an tighe agus na n-ainmhidhthe.
Fágtar an chuid eile acha i bpoll go dtí Mí na Feabhra.
Is mó saghas prátaí a fhásann sa cheanntar seo "Golden Wonders" Kerr's Pinks, Champions(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse Bhreacáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Goillidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Inse Bhreacáin, Co. Chorcaí