Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 035
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sagart paríosde. Léigheadh sé an t-Aifreann agus phósadh sé an bheirt.
Bhíodh cóisreacha sa t-sean-aimsir agus bíonn síad ag cuid do sna daoine fós. Tugtar cóisire ar an mór-shiubhal ó thig an chailín go dtí an séipéal agus as san do dtí tig an bhuachalla.
I lár na h-oidhche nuair a bhíonn an bhainfheis ar siubhal tagann buachaillí tuighe uaireannta. Bíonn síad gléasta ó bhun go bárr le tuighe agus bhíonn hata tuighe ortha leis. Bíonn fáilte rompa agus tugtar biadh agus deoch dóibh. Annsan tosnuigheann na buachaillí tuighe ag amhránaidheacht agus ag rinnce.
Deirtear go mbíonn an t-ádh ag cailín a chaitheann gúna gorm lá an phósadh agus is maith an rud leis rud éigin d'fhághail ar iasacht cun é do chaitheamh. Deirtear má bhíonn gúna glas nú dearg ní dubh á caitheamh ag an gcailín an lá a phósann sí ná beidh aon ádh aice an cuid eile d'á saoghal agus má bhíonn trí dhuine déag ag an mbainfheis gur droch-chómhartha é sin. Ní cheart do'n bhrídeóíg teacht isteach an doras i dtosac taréis teacht abhaile ó'n séipéal.
Fadó chaitheadh na mná clocaí cochallacha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Ní Ghúl
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom Óinigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Goillidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Inse Bhreacáin, Co. Chorcaí