Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i ndiaidh Connradh briste Luimnighe. Istigh i lár crainn téagartha an Ghaorthaidh a bhí poll folachais aige. Bhí anam Sheáin anáirde imeasc carad agus namhad toisc é bheith chómh clisteacht ar an gunna agus chómh h-oilteach sa saighdúireachta. Bhí fear darb anam Hedges, an caiptín a bhí ar airm Chaisleáin Mhaghchromtha an uair úd. Is minic a fuair Seán faill ar Hedges agus níor bhac sé leis. Bhí cailín muinteardha do Sheán ag obair i gcistin an chaisleáin agus is minic a thug sí focal dó nuair bhítí ag d'iarraidh teacht air agus is í a sholáthruigheadh na piléir agus an púdar dó. Uair nuair a bhí fleadh ag siubhal sa chaisleán thug Seán cuairt do'n chistin. D'aithin duine dos na cailíní Gallda é agus d'innis sí an scéal do'n airm. Thug an cailín eile fé ndeara é sin agus níor dhein sí acht deoch de bhainne géar do thabhairt do Sheán. "Ní maith liom é fuar" arsa Seán "Más maith leat bheith buan chaith fuar agus teich" ar sise. Amach an doras leis tríd an mbláth-ghort ach cé a bhí ag siubhal ann acht máthair Hedges. Do dhein sé uirthi agus do chaith sí aniar ar a shlinneáin í agus suas Bóthar an t-Sléibhín leis. Dírígheadh na gunna íair. Dubhairt Hedges leó stad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Drom Réidh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Iarfhlaithe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí