Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún-dá-radharc
- XML Leathanach 004
- XML “Tobar Laichtín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé Naomh Laichtín naomh duthchais paróiste Cill na Martar. Fadó nó leath céad bliadhan ó shoin ar a laighead bhí an pharóiste sin agshíneadh timcheall míle slighe níos sia soir ná mar atá sí anois. Bhí cuid de'n Bhaile Fearann Ráth-Laoich sa paróiste an uair úd. I lár páirce níl sé ró-fhada ó'n ár dtigh-ne tá clochán beag clúdaighthe le neanntáin. Deirtear go raibh tobar in a áit uair amháin. Tá rian casáin timcheall an clocháin ach níl an tobar san áit díreach anois. Deirtear go ndeintí turasanna do'n tobar san fadó mar deirtí go raibh leigheas san uisce. Fé láthair tá sruth fíor-uisce ag rith fé'n talamh. Ritheann sé síos carraig bheag timcheall fiche slat ó'n áit 'na raibh an tobar suidhte. Deallramhuíonn sé go n-éirigheann an sruth fé'n gclochán. Tá an t-uisce san tobar sin go h-an-mhaith. Tá scairtín beag timcheall an tobair. Ní fhéadfadh suidheamh níos deise a bheith ar an dtobairín atá indiu ann. Níl fhios ag aoinne cé'n fáth go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tadhg Ó Muirighthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse Bhreacáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Tuama
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Brachán, Co. Chorcaí