School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 141
  3. XML “Tigh na bPúcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí caisleán breágh in áit fadó agus ní fhéadfadh aoinne maireachtaint ann mar do cídhtí sprid ann. Ní raibh aoinne ’na chómhnuidhe ann le triocadh blian, ach ansan tháinig baintreabhach agus a mach agus beirt inghean chun chómhnuidhte ann ó Cathair Chorcaighe, mar ní raibh an mach ró sláinteamhail, agus do chómharluigheadh do imtheacht as an gcathair agus fanamhaint sa tuath.
    Bhí údhacht déanta ag an athair agus ba leis an mac an caisleán, ach ar aon-chuma thánadar ann. Do bhí ag cirighe go h-ana mhaith agus a shláinte ag teacht chuige agus ní fheacadar aon sprid. Lá dá raibh an bhean ag cóiriúghadh na leapacha, d’fhéach sí amach an fhuinneóig agus chonnaich sí bean áluinn agus cailín gleóite le na cois. taobh amuich d’fhuinneóg na cistinneach. Chuaidh sí síos ag fáiltiúghadh rómpa ach ní raibh aoinne ann. roimpí.
    An tráthnóna céadhna bhí sí amuich i dtig an bhídh agus tháinig madra cómharsain cun an dorais agus chaith sí blúire aráin cuige. Nuair a bhí sé imthighthe d’airig sí guth searbh taobh thiar de a dúbhairt “Beir a-in éaghmuis aráin uair éigin a óinsig” ach ní fhéadfadh sí aoinne d’fheisgint.
    Tháinig bean siúbhail isteach chúici lá amháin agus bhí aithne mhaith aici uirthi agus d’innis sí gach rud di mar a thuit amach, dúbhairt an bhean siúbhail léi gur airig sí sgéal greannmhar mar gheall ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Ristéard Mac Suibhne
    Gender
    Male