School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 133
- XML “An Bhean Bheag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bróg is chuir sí i gcoiméad é. Nuair a tháinig an duine ar maidin, chun é a coiriúghadh i gcoir an lae ní dúbhairt sé pioc mar gheall ar an mbróg.
Nuair a tháinig an oidhche arís bhí sé nách mór ag feitheamh léi. Bhí sé díreach ag socrúghadh an teine do dtáinig sí. Sar a dtáinig sí bhí an fear tar-éis an bróg do chur in aiche na teine agus bhí áthas ar an mhnaoí nuair a connaich sí an bhróg.
Shuidh sí cois na teine agus bhí sí á theideamh agus ní raibh ach aon bróg amháin uirthi. Sar a ghlaoidh an coileach chuir sí uirthe an bhóg abhí sa teallach agus d'eirig sí agus dubhairt sí.:- Muna mbeadh go rabhais cómh aireach mar gheall ar an mbróg do bheinn-sé ag siúbhal le h-aon bróg amháin ar feadh m'aimsir purgadóireachta agus anois nuair atá mo bróg agam, tabharfad é seo duit, go mbeidh do dóthain agat ar feadh do saoghail agus ní thiochfaidh breóiteacht ort ar fhaid a mhairfir agus fuair an fear a sláinte thar-n-ais arís, bhí a trí oiread airgid aige as san amach.- Informant
- Bríghid Bean Uí Corcora
- Gender
- Female