Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Eoghan Ruadh ag Spealadóireacht”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do's na folcadh dob fheárr agus do'n dáil is uaisle bhí,
    Is sé an friotal seo atá ar an gclár i mbuaic do thíghe,
    A thug mise ins an áit cé táim gan luach na díghe."
    Le línn na cainnte sin d'Eóghain shín fear a tábhairne chuige a lámh. "O míle failthe rómhat" ar seisean "is tusa Eóghan Ruadh." Coimeád sé saor iad an oidhche sin agus ar maidin lár na mháireach scaoíl sé uaidh an fear eile ach choimeád sé Eóghan Ruadh ar feadh seachtmhaine ag seanachaideachth is ag cómhrádh is ag cumadh dánta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí bean 'na cómhnuidhe ag Droichead na h-Ínse i gCíll Garbháin agus theastuig uaithe dul go dtí an t-aonach. Chuir sí fios ar a mháthair chun aire a thabhairt do'n tigh - chun na mbó do chrú agus an bainne a sgiomáil. Dhein sí obair an laé sa thigh agus d'imthigh sí um thráthnóna ag sgiomáil an bhainne Bhí tobán an uachtair istig in aonfhacht leis na céilírí. Thóg sí é agus bhí sí ag gábhail tímcheall léi thall is abhfus. Thug sí fé ndhearra leac fé thobán an uachtair. "Thiarcuis" ar sise "cad tá fé'n lic i lár an t-sheómra tógfad anáirde é féachaint ca tá ann nuair ná bhfuil aoinne istigh".
    Shíl sí gan amhras gur próca óir a bhí ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Mulláin
    Inscne
    Fireann