Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 086
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Clár Bog Déil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fear aérach na chómhnuidhe in aice na h-áite agus is minic a aireóchadh sé an bheirt ag eargóint le na chéile nuair a bheadh sé ag gabhail an bhóthair. Dúbhairt sé le roinnt des na buachaillibh mór thímcheall na h-áite dá ndéanfaidís mar a deárfadh sé leó go gcuirfeadh sé deire leis an braon. Thánadar le cheille ana thoilteanach agus fuaireadar dréimre beag gairid a chuaidh an fear aérach in áirde ar cheann an tíghe. Dúbhairt sé leis an gcuid eile bheith ag an ndorus agus nuair a aireódís é ag teacht anuas an tshimné an dorus do oscailt do. Do rith sé ar a bhairricíní an t-urlár síos agus an dorus amach. Dubhairt Pádraig le Seághan "Mhuire a Sheághain cad é sin." Neosod-sa duit mhuise arsa Seán ar táirseóir agus is dóca go bhfuil sé i gcómhnuidhe san simné. D'eirig Seán shuidhe agus chaith sé an t-uisge coisrecan ar fúid an tíghe agus ní raibh a thuille argóintí eatortha as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Phósainn tú gan ór gan púnt gan éireamh spré
    A chuaidh de'n t-saoghal le toil do mhuínntear dá mba leat é,
    Sé mo ghalar dúbhach gan mé 'gus tú a dhian grádh mo chléibh
    i gCaiseal Múmhan is gan leaba fúinn ach clár bog d'féil.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge