Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 026
  3. XML “Naomh Laitearn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thiar i gCuileann a chómhnuig Naomh Laitiarn i dtig beag le na athair. Gach maidin théigheadh an naomh chun chéardchan is bheireadh sí léi an spríos abhaile chun na teine d'adúghadh. Níor dhein Naomh Laitiarn peaca riamh agus in a haprún a bheireadh sé léi an spríos is ní dóghadh sé é in aonchor.
    Mar seo lá d'eirig an Naomh agus b'í ba thúisge a bhí na suidhe mar ba ghnáth. D'imtig sí léi chun na céardtan chun an spríosa a bhreith léi. Maidean Samhraidh a bhí ann is bhí Naomh Laitiarn cosnochtuighthe. Nuair bhí an spríos bailighthe léi ina h-aprún bhí sí ar thí imtheachta nuair a labhair an Gabha léi is dúbhairt. "Nách deas an dá chois atá agat" ar seisean. D'en cheud uair riamh tháinig móráil ar an Naomh agus d'fheuch sí síos an na cosaibh. Bhí an peaca deunta aici annsan is dhóghadh na sméaróidí a h-aprún agus theip uirthi an spríos a thabhairt léi 'na h-aprún as san amach. Chómh luath is bhí fhios ag Naomh Laitiarn cad a bhí deunta aici bhí sí ar ghealaig is leag sí mallacht ar an gcéardtain. Ó shoin i leith níor tógadh ceárdhtha i gCuileann cé gur minic dóibh iarracht a thabhairt féi.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Céilleachair
    Inscne
    Fireann