Scoil: Cnoc na Manach, An Mhainistir Bhán, Cionn tSáile (uimhir rolla 1391)

Suíomh:
Cnoc na Manach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dáithí de Barra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0321, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0321, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Manach, An Mhainistir Bhán, Cionn tSáile
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí suidheacán[?] an tsagairt i dtigh feirmeora la. Ar teacht am an Aifrinn thug an sagart fé ndeara gur fhág sé culaidh an Aifrinn in a dhiaidh sa bhaile. Ghlaoidh sé ar Thagh, duine des na comharsain a tháinig chun an Aifrinn agus dubhairt leis "dul agus culaidh an Aifrinn d'fhágail agus a bhreith leis chun an tighe." Chuir sé in a luighe air leis "gan an seana chulaidh do bhreith leis ar aon chor ach an cheann nuadh. Bhí dha chulaidh Aifrinn ag an sagart ta's agat. Da réir an sgéil ní raibh an Ghaedhilg ar fheabhas ag Tadg agus níor thuig sé i gceart cad a bhí ón sagart. Tamall roimhe sin cheannuigh sé culaidh nuadh capaill agus ní shásócadh an saoghal é ach a bheith á mholaidh i gcomhnuidhe.
    Siúd le Tadg comh mear agus a bhí in a chosaibh. Cheap sé ná raibh culaidh sa domhan ach an culaidh capaill a bhí aige féin.
    Ní raibh leath-uair caithte nuair a bhí Tadg tar n-ais. Isteach an cúl doras leis, an [?]colaer agus an amba ar a mhuinéal aige, an srathar ceangailte laistéar de, an bhincers agus an bríste in a bhaclainn aige agus é ag cur alluis go tiubh. Nuair a chonnaic na comharsain é sgeartadar go léir ag gáiridhe, agus an sagart thuit sé ins na trithibh nuair a chonnaic sé an radharc.
    Fén am gceadna tháinig buachaill an tsagairt isteach agus culaidh an Aifrinn leis, mar fuair sé amach gur dhein an sagart dearmhad air. Chuaidh gac rud chun suaimnis annsan.
    Bliadhanta in a dhiaidh sin b'é sin an sgéal a innseadh i gcomhnuidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Daithí De Barra
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seósamh Ó Coibheanacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ghreanaigh, Co. Chorcaí