School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí dhó go raibh sí ciapaithe creachaithe ag na franncachaibh agus go gcaithfeadh sí a' tig a fhágailt ar fada acha i ndeire.
"Cad a thabharfá do dhuine a chuirfeadh an ruag ortha ?" ar seisean. "O 'se dar ndóigh ach go dtabharfainn pingin mhaith agus fáilte" a dubhairt sí. "Má tabhairir cúig púint dómhsa" ar seisean "cuirfidh me ga' h-aon cheann acha sa t-siubhal uait agus ni fhillfidh síad go bráth airís".
"Margadh" ar sise. Chuaidh an draoidheadóir amach sa bhfaithche agus do chuir sé an ortha. Do bhailigh na franncaigh go léir agus do ghabhadar an bóthar suas go dtí an Léim mar ar órdaigh sé dhóibh dul.
Bhí ao' cheann amháin acha caoch agus is amhlaidh a bhí cipín agus ceann acha ar gach taobh de agus é ar bhéal acha agus an ceann caoch 'na lár istigh agus greim dluith aige air. Do chuadar go dtí an Léim pé scéal é agus chuaidh an fear siubhail isteach a d'iarraidh a thuarastail.
Is amhlaidh do bhi si a' magadh fé. "O taid siad imthighthe uaim anois is cuma liom" ar sise. "Tá go maith má's eadh" arsan fear "ní bheidh siad i bhfad uait".
Chuir sé an ortha airís agus thánadar thar n-ais chuiche gan mhoill agus mórán eile na dteannta. Nuair a chonnaic sí íad tháinig scannradh uirthe ach má bhí scannradh uirthe annsan ba dhobair di tuitim i bhfanntais nuair d'airigh sí cainnt a' draoidheadóra. "Ithidh a plúr is ithidh a cearca" ar seisean "agus nuair a bheidh deire ithte agaibh ithidh a' bhean féin". Geallaim-se dhuit go raibh an t-ór aice dó go (deair)- Informant
- Donnchadh Ó Finn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí