School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 138
  3. XML “Tarbh na Búirigheala”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cuas ar a dtaobh theas de Dhún Eóghain go dtugtar Cuas a'Tairbh air. San aimsir fadó ó shoin (tímcheall 250 blian ó shoin) do thagadh tatbh mór anuas ós na cnochaibh, tímcheall a h-aon déag a cchlog go dtí Tráigh Gainiú, suas bóthar na leachain, agus ó dheas go dtí an cuas sa, agus d'airióchthá cúig míle ó bhaile é a'búirigheal. Do bhí fear dána sa bhaile seo agus a dubhairt sé leis féin aon óiche amháin go gcuirfeadh sé deire leis a'tarbh go deó.
    Chuaidh sé 'na choinne le corán agus do thánadar agaidh le h-agaidh i mullach bóthair na leachan agus do throideadar le céile.
    Do mharbh sé a'tarbh agus ar maidin amárach bhí cairnín luatha' i n-ionad a'tairbh mar ar throideadar. Níl fhios ag aoinne riamh chár imigh an tarbh. Tháinigh an fear féin saor agus tugtear Cuas a'Tairbh ar a'gcuas riamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Finn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí