School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Page 131
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí bachach darbh'ainm Brian agus a bhean ar aonach Tí Molaga.”
(continued from previous page)Agus ní baoghal go gcaillfir a chéird duit
Faid a mhairifidh a'ré ná an grian"
A'lorg déirce a bhiodh an Brianach.(no title)
“Sa t-sean aimsir tagadh iascairí ó Dhúngarbhán aníos go Cuirt a'tSearraigh...”
Sa t-sean aimsir thagadh iascairí ó Dhúngarbhán go Cuirt a’tSearraigh agus do ráinig go raibh fear ar bád acha a bhí an-ghéarcúiseach ‘na chainnt.
Thárla go dtáinig a’file Séamus Ó Colamán ar dhruim chapaill ag féachaint ar na báid agus ‘nuair do chonnach a’t-iascaire é do chuir sé cainnt air mar seo:
‘A fhear a’chapaill bháin
A n-íosfá deargán
A’thón sean-bháid
Aníos ó Dhúngarbháin?’
Do leag an Colmanach ‘na thost é d’urchar. Sidé a dubhairt sé: ‘Dá mbeifeá-sa is do shean-bhád
A’siúntaibh Ghascharáin,
Do thabharfá do dheargán
A bheith i gcalmán”(I n-iarthar Chorcaighe atá an siúnta seo agus bíonn an fhairrge riamh ‘na fraoch-thonntaibh ann)- Informant
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Baile Loc, Co. Chorcaí