Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí Pádraig agus Oisín Mac Fhinn ag argóint ar chúrsaí chreidimh agus do theip glan ar Phádraig a chur 'na luighe ar Oisín fo raibh Dia níos láidre ná Oscur. 'Sé dubhairt Oisín sa deire:
"Dá bhfiecinn-se Oscur is Dia
Lámh ar lámh ar gCnoch na bhFiadhach
Dá bhfeicinn-se Oscur ar lár
Deirfainn annsan gur fear láidir Dia."
"Conas a bhíodh na saosúir agaibh a Oisín?" arsa Pádraig agus d'fhreagair Oisín:
"Bíodh Geimhreadh ceódhach
Earrach ródhach
Samhradh ríabhach
Agus Fómhar grianach"
"Dar mo bhasa a Oisín" arsa Pádraig "is maith a bhí Dia dhíbh"
"Ní hé Dia a bhí go maith dhúinn" d'fhreagair Oisín, " 'Fán sinn féin a bhí go maith dá chéile."- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Baile Loc, Co. Chorcaí