Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Is breágh agus is glas í an scairt seo i gceann bhúr dtighe”
Ní bhfuair sé aon fhreagra agus d’óladar a deoch agus do chuir sé de go cábán eile, agus do lean sé air ó chábán go cábán agus an argóint céadna aige i gcómhnuidhe go ndeaghaidh sé go cábán áirithe agus 'nuair do bheannaigh sé mar seo “Is breágh agus is glas í an scairt seo i gceann bhúr dtighe” do léim fear istigh agus do labhair sé d’urchar. “Tá bailiú na bhfear ag ól na díghe”.
Do labhair ár bhfile-ne airís, “Tá airgead geal go preas im’ phóca thíos” agus leis sin d’fhreagair fear a’tighe, “Tá mórán de’n bheór agus de’n breach gan díol” agus dubhairt a’ bhfile airís, “Is minic a bhí mach Dá’ lá gan fiacha na díghe” Má’s eadh” arsa fear a’tighe “do bheadh céad míle fáilte ag Seán Ó Tuama dhíbh”. Seán Ó Tuama ab’ainm do fear a’ chábáin agus ní fheadarsa goidé an ainm a bhí ar ár bhfile-ne.
Rug sé an geall ó’n a chómharsannaibh, pé i n-Éirinn é.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Loc, Co. Chorcaí