Scoil: Clanna Caoilte (B.) (uimhir rolla 12286)
- Suíomh:
- Cloich na Coillte, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Ó Síthe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thar pháirc na raibh mór cuid- stuic agus féar 'na mbun."Dá mbé do thoil é dealag do chaitheamh anuas de shlapar an chrainn" ar sise. Bheinn gan cúram mhuise! ar seisean, d'imthigh sí gur bhuail impi duine eile mar é. D'iarr sí an rud céadhna air. "Ná mór an cúram atá ort ná féidir leat do lámh a choimeád air" ar seisean. D'imthigh sí léi go dtí go raibh sí a gabháil thar cheárdcha agus bhí an gabha i mbéal an dorais. Connaic sé an bhean agus an leanbh sa bhrat ar a drom agus an lámh eile a choimeád an bhrait ar a éadan, a dhá láimh gabhtha suas. " Cad na thaobh ná fuil biorán id bhrat agat", ar sé, agus gan do lámh a bheith á choimeád ."Tar isteach" arsa sé, agus gheobhad rud éigin duit". Chuir an gabha a lámh isteach 'na phóca agus tharraing sé píosa airgid amach agus do dhein sé biorán de ná deineadh i leithéid ó shoin i leith. Níor thóg sí a súla de fhaid is a bhí sé ag déanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mr John Keohane
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béalad Thoir, Co. Chorcaí