Scoil: Clanna Caoilte (B.) (uimhir rolla 12286)
- Suíomh:
- Cloich na Coillte, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Ó Síthe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clanna Caoilte (B.)
- XML Leathanach 240
- XML “Fear na Cuilte”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirmeóir 'na chomhnuidhe i gCeanntar Clanna Caoilthe tímpal le dacad blían ó shoin agus Mícheál Ó Laoghaire a b'ainm dó. Leis an aimsear nuair a thainig an t-aos ar an sean-duine do phós sé a mhac. Níor réidtigh bean a Mhic leis an sean-duine ar aon -cur. Bhíodh sí a' tathant ar an mac gach lá an sean-duine a dhíbirt as an dtig go raibh sé láidir a dhóithin a dul a bailiú a choda. D'fhonn cuinneas a dhéanamh dubhairt an mac leis an áthair bheith a bailiú leis thugadar cuilt ar a dhrom aige agus bhuail a shean-áthair uime ar an mbóthair agus é ag imtheacht. Cá bhfuil tú a dul a shean-áthair ar seisean. "Táim ag imtheacht toisc ná fágfaidh do áthair na do mháthair istig mé arsa sé." Trom an chuilt nomeat arsan garsún. Cad a b'áil leat de a dhalta arsan sean duine. Níl sé go ceart ar do dhrom agat ar seisean dom í chun go socróchainn ort í. Bhain sé an cuilt dá dhrom agus chuir an garsún ar a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mr John Keohane
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béalad Thoir, Co. Chorcaí