Scoil: Clanna Caoilte (B.) (uimhir rolla 12286)
- Suíomh:
- Cloich na Coillte, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Ó Síthe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí droichead i n-aice na Léime thiar, agus fadó cítí Sprid ann istoidhche. Deireadh an Sprid leath-rann le h-éinne a chastaoi ar an droichead air agus an té gur theip air an leath-rann eile a cheapadh, mhairbh an Sprid é. Ar chuma ar bith, fuairead cuirp ann ó h-amh go h-amh. Bhí cuid des na daoine ámh, agus deiridís go bhfuair na daoine bás ar eagla na spride.
Bhí File a gabháil thar an droichead oidhche agus bhí sé ar meisce. Bhí a mhisneach air de bhárr an phoitín sa t-slighe na raibh beann aige ar dhuine nó ar sprid ar taidhbhse nó ar dhiabhal. D'éirig an sprid agus adubhairt "Coinneal is coinnleóir ann is cuirse leath-rann le sin." Dubhairt an File mar fhreagra
"Cuileann a baintí um Shamhain,
Chuirfeadh sé crann ar thig."
Ní raibh an sprid sásta agus dubhairt sé arís
"Coinneal is coinnleóir ann, Is cuirse leath(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mr John Keohane
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béalad Thoir, Co. Chorcaí