Scoil: Clanna Caoilte (B.) (uimhir rolla 12286)

Suíomh:
Cloich na Coillte, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Ss. Ó Síthe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0311, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0311, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clanna Caoilte (B.)
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Máire Ní Mhuireacharta”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a gclaidhe agus bhí sé a ghríosa chun léimt agus nuair ná dearfadh an capall san tharraing sé gunnán amach as a phóca agus lamhaig sé é. Ar seisean le na bhean annsan, "Nuair ná deanfar-sa rud orm-sa beidh san agat." Chuireadar cuid eile den bhóthair díobh agus chonnachadar bó bhradach istig 'na ghardha. Dhein sé iarracht í cur amach tríd an geata ach theip air. Le sin tharraing sé an gunnán amach agus lámhaig sé an bhó. Bhain san preab as a mnaoi, nídh nác ionghnadh. Ragaimíd abhaile anois ar seisean. Nuair a bhíodar tamall ón dtig leog sé fead ar an ngadhar. Níor tháínig an gaidhir chuige ró-mhear agus tharraing sé an gunnán amach as a phóca agus lamaig sé an gadhar agus ar sé le na bhean airis, "Nuair ná deafair-sa rud orm-sa beidh san agat. Tháínig a t-athair ar cuaird chúca tréis seachtmhaine agus bhí áthas a chroidh air toisc an athrú a bhí tréis teacht ar Mháíre. Bhí sí ag obair chomh tapaidh is a bhí innti.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.