Scoil: Béal an Dá Chab (uimhir rolla 14225)
- Suíomh:
- Béal an Dá Chab, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Risteárd O Lighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)díoltí é ann fadó. Do díoltí é le muinntir Swanton, agus do chomhnuighdear i mBéal-Átha-an-Dá Chab. Do bhíodar 'na dtighearnaí talmhan ar an mbaile. Nuair a bhíd siad ag déanamh an mhargaidh buaileann an ceannuidhe lámh an díoltóra. Ní chaithid siad seilí ar a lámha. Marcáltar na h-ainmhidhthe i n-a lán slighte, le siosúr nú le cailc. Gearrtar cuid de'n chlúmh ar an mbléin. Ní tugtar an t-adhastar leis an ainmhidhe nuair a díoltar é.Ní tábhachtaighe aon aonach anois seachas a chéile anois, ach fadó lá Fhéile Peadair agus Póil, agus lá 'le Muire sa bhFóghmhar ba mhó iad ná na h-aontaighe eile, agus do thagadh daoine ó áiteanna i bhfad, gan aon ghnó eile ach chun spóirt.Mícheál Ó Bríain, Sgeich-an-Óir
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Bríain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sceach an Óir Thiar, Co. Chorcaí