Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iad agus nuair a fhéach an gabha ar an gcapall bhí cruidhtí breágh nua ar an gcapall. Nuair abhí an méid sin déanta ag an buachaill d'imthigh sé as a radharch.
Cúpla lá 'na dhiaidh san do bhí capall sa ceárdchan ag feitheamh le cluipí cruidhte ach ar nóin ní fhéadfadh an gabha iad a chur suas. Tháinig buachaill na cóta deirge cuige agus d'innis sé dho go gcuirfeadh sé féin na cruidhte suas do. Thug an gabha sgian do agus ghearr sé na cosa de'n chapall agus chaith sé isteach sa teine iad agus nuair a bhíodar dearg do thóg sé amach iad agus do chuir ar an gcapall iad agus bhí cluipí cruidhte ar an gcapall.
Nuair abhí an méid sin déanta ag buachaill na cóta deirge d'imthigh sé as a radharch. Seachtmhain nó mar sin 'na dhiaidh san do bhí fear ag an gceárdchain i gcóir cluipí cruidhte. Bhí an gabha i gcruadhchás. Do tháinig buachaill na cóta deirge ag triall air airís. Thug an gabha sgian do mar ba(leanann ar an chéad leathanach eile)