Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus bhí sé pósta le bean darbh ainm dí Siobhán. Cailín ana óg dobh cadh í. Aon lá amháin bhí sí 'na shuidhe chun a dhinneir. Bhí na prátaí ag beirbhiugh. Bhí an cabaiste beirghighthe ar an seitle agus do bhí baisín de bharra an bhainne bhreágh ramhair chun é a chur ag ollmhú an cabáiste mar b'shin nós abhí aca an uair sin. Nuair bheadh an cabáiste beirbhighthe do chuirfidís an bainne o's a chionn agus 'sé an ainm a ghlaodhaidís air ansan ná cabáistín cnag Pé sgéal é do bhí an bhean so ana leadránach á ollmhú.
Bhí a fear 'na shuidhe ag ceann an búir agus dob' fhada leis go raibh an dinnéar ag teacht cuige. Saghas file ab' eadh e leis. Nuair nách raibh an dínnéar ag teacht do tháinig fearg air agus dubhairt sé mar seo léi:-(leanann ar an chéad leathanach eile)