Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh sé leis agus ní raibh sé imthighthe abhfad in-aon-chor, nuair a tháinig an capall 'na dhiaidh agus dubhairt Conchubhar leis suidhe ináirde ar an gcapall agus dubhairt sé ná suidhfheadh.
D'imthigh sé leis agus tar-éis tamaill do shuidh sé síos. Tháinig an buachaill suas cuige agus dubhairt sé leis go bhfanfaidís ann ar feadh na h-oidhche. Chuadar a chodladh. Bhí taidhbhreamh ag an mbeirt aca dá raghaidís go Americe go mbeidís marbh sar a shroisfidís an áit. Nuair a eirighdear ar maidin d'fhiafhruig Conchbuhar de'n buachaill cadé an taidhbhreamh abhí aige.
D'innis sé an taidhbhreamh do, agus dubhairt an fear ná raghaidís ann in-aon-chor mar go bhfaighdís bás. Chuadar go dtí Ameirce agus nuair a tháinig an oidhche bhíodar chun dul a chodladh agus bhí taidhbhreamh ag an mbeirt aca go raibh bóthar ana-mhór ann agus do raibh óir le fághail ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóirín Ní Dhuinnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Dhuinnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí