Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 354
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mhair fear fadó dárb ainm "Jack the Soldier." Fear ana thanaidhe dob eadh é, agus ina theannta san bhí féachaint ana mhalluigthe aige. Bhíodh eagla ar na páistibh go léir roimis mar bhíodh sé i gcómhnuidhe ag cainnt leis féin. Sheana shaighdiúir ab eadh é agus bhíodh mála ar a dhrom aige ar nós tínncéir, ach ní bhiodh pioc istig sa mála. Bhí "Jack" san arm agus bhí droch dhuine éigin i Sráid a' Mhuilinn gur theastaauig ó dhaoinibh éigin é lámhach ach ní raibh aon phúdar acu. Do ghoid "Jack" a ndóithin púdair doibh ó'n arm agus thug sé dóíbh e chun an duine a lámhach. Do fuaradh amach 'na dhiaidh san gurb' é "Jack the Soldier" a thug an púdar dóíbh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Thomáis Uí Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSeanchluain, Co. Chorcaí