Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 211
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear I gCúil a' Bhuacaig fadó, agus b'é an ainm a bhí air ná an Stiúirdín. Bhí gadhar ana dheas aige agus b'é an ainm a bhí air ná 'Gúiní'. Do leanfhadh an gadhar a mháighistir i ngach aon áit agus do thárla lá, gur lean an gadhar a mháighistir go dtí an Aifreann. Nuair a chonnaic an sagart é, tháinig fearg air agus dubhairt sé leis na daoine é chur amach ach níor thugadar aon chluas do. Tháinig sé féin anuas agus do rug sé ar an ngadhar agus bhuail sé i gcoinnibh an falla é, agus dhein sé staic mharbh dhe. Annsan do dhein Eoghan Ruadh bheársa mar gheall air : -
A Gúiní an anama, bhainis do cúrsaí,
Chuadhas-sa go dtí an Aifreann ar maidin le bárr umhlaidheacht',
Do cheann le falla is do teangha, go dlúth istig,
Is bás gan sagart fuair do mhadra, a Stiúirdín,- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Tuama
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí