Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Scéal - An Gadaí Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill ann fadó agus bhí a mháthair an-bhuaidheartha 'na thaobh. Lá amháin do chuaidh sé go dtí fear eolais cun comhairle d'fhágail 'na thaobh. Dúbhairt sé léi nác raibh an buachaill oireamhnach do aon céard agus chómhairlig sé di dul go dtí an roilig agus fhiafruig des na daoine marbh cad é an ceard a oirfheadh do. Nuair a tháinig sí abhaile d'innis sí a sgéal don mic agus súid fá dhéin an roilig í.
    Níor leig seisean aon rud air ach chuaidh se fé dhéin an roilig é sin leis agus bhí sé ann roimh an máthair. Chuaidh sé i bfolac ins an sean-teampuill go dtí gur tháinig sí. Nuair a tháinig sí do bhéic sí amac - "Cad é an ceard a a oirfhead do'm mhac" agus d'fhreagair sé sin "Gaduidheacht. Is é cúis adein sé é sin ná go mba mhaith leis beith in a gaduidhe
    Ins an aimsir sin do chaithfeadh duine bheith ag foghluim sé blíana sar a ndéanfaí gaduidhe de. Mar sin chuaidh an buachaill go dtí sean-gaduidhe chun bheith ag foghluim úaidh. Dubhairt an gaduidhe sin leis go raibh gaduidhe eile cómhgarac don áit sin agus go raibh caoire aige
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ua Donncadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cluain Chaoin, Co. Chiarraí