Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó, agus bhí inghean aici. Cheap an bhean go raibh an chailín go h-ana bhreágh agus ná raibh aoinne sa tsaoghal maith a dóithin di. Bhíodh na buachaillí go léir ag teacht chun a tíghe agus ag iarraidh í fhágháil le pósadh.
Oidhche amháin tháinig beirt fhear isteach. Bhí an bheirt ag troid mar gheall ar an gcailín agus bhí fearg mhór ar an tseanbhan mar bhí duine des na fearabih nár thaithn leí in aon chor. Ní raibh fhios aici go ceann tamaill cad é an seift a gheóbhadh sí chun é ruagadh. Sa deire chuimhnig sí ar sheift. Dubhairt sí leí féin go n-imirtheóchadh sí cleas air.
Fuair sí rop féir agus d'iarr sí air an bhfear nár thaithn leí, conghnamh a thabhairt di chun súgain a dheanamh. Dubhairt seisean go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Fuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí