Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)
- Suíomh:
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Luasa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-athair agus an mac chun cúirt a dhéanamh ar dhuine uasail. Nuair a bhíodar ag siubhal an bhóthair dubhairt an sean-duine an bóthar do gioriú. Ní fhéafadh sé é a dhéanamh. Thánadar abhaile agus dubhairt an bean leis an fear óg cad é an cúis gur thánadar abhaile. Dubhairt sé gur iarr an sean-fhear air an bóthar do gioriú. Ní fhéadfadh sé é dhéanamh agus dubhairt sí "Cad na thaobh nár innis tú sgéal do?", agus cuaidh siad arís an lá na dhiaig sin agus d'íarr sé ar an rud chéadhna air agus d'innis sé sgéal. Bhíodar ag siubhal go dtí gur tháinig siad go dtí abhainn agus dubhairt an sean-fhear leis an mac droichead a cur san abhann. Ní féadfhadh an buachaill é agus thánadar abhaile arís. D'íarr an bhean ar an mac an cúis gur thánadar abhaile agus dubhairt an fear óg "D'iarr mo athair orm doichead a cur san abhainn agus ní féidir liom é déanamh." Dubhairt sí "Cad na thaobh nár thógais ar do dhrom é treasna na h-abhann. Lá na máireach cuadar aris agus dubhairt an sean-fhear an rud ceadhna. Dein sé an rud a dubhairt an bean leis agus bhí sé go maith. Nuair abhí an cúirt geall a bheith críochnuithe aca bhí fhios ag an athair na leigfeadh an duine uasail abhaile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Cheilleachair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc Ráithín, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Buachalla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Ráithín, Co. Chorcaí