Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)

Suíomh:
Carraig an Ime, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Luasa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Ime
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Béaloideas - An Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus sé an ainm abhí air ná an Gobán Saor. Bhí aon mac amháin aige. Do chur sé go dtí an aonach é lá le croiceann caoire. Dubhairt sé leis é dhíol cun go bhfaigheadh sé cailín éigin a thabharfad an croiceann 'sa luach do. Bhuail cailín uime agus do strach sí an t-olan de agus do thug sí an croiceann do. Nuair a tháinig sé abhaile dubhairt a athair leis gurb í sin an cailín a phósad sé. Ach b'fheárr an buachaill cailín eile. Dubhairt a athair leis fios a cur uirthi agus nuair a tháinig sí thóg an sean fhear sparán as a pócha agus d'íarr sé uirthe cad a dheanfhadh sí leis an t-airgead. Dubhairt sí go gcuirfhead sí isteach im bosca é agus go gcuirfheadh sí an glas ar. Ní bheadh an fear sásta leis sin agus dubhairt sé "Ní bhfaghaidh tusa an sparán mar ní tusa an cailín ceart". Nuair a tháinig an cailín a thug an croiceann agus a luach do, d'íarr an sean fhear uirthi cad dheanfhadh sí leis an t-airgead. Dubhairt sí go gcuirfhead sí cun usáide é agus a thuille leis. Bhí fhios aige annsan gurb í sin an cailín ceart. Phós an mach í. Do chuaidh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheilleachair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cnoc Ráithín, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Buachalla
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc Ráithín, Co. Chorcaí