Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meall an tSrutháin
- XML Leathanach 039
- XML “An Súiste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deintear úsáid den Súiste chun an choirce do scaramhaint de'n tuighe Colap na Súiste a tugtar ar an rud a bhíonn sa lámh agus an buaileán a tugtar at an gcuid den súiste a bhuaileann an phunann. Bíonn an Colap agus an buailean ceangailte le chéile le h-iall. Bíonn an iall déanta de chroiceann chapaill. Ach in ionad na n-iall is le cnáib atá siad ceangailte anois.
Bíonn Colap na Súiste agus an buaileán déanta don darach a gheibtear san choill agus is fuiriste annsan iad do cheangailt le chéile. Is féidir le gach aoinne súiste a dhéanamh dá mbeadh dhá bhata láidir den dair aca. Ní fheaca mé súiste in aon leabhar fós ach san áiste do bhí ag Gomarí san Réalt a' Deisceart leath-bhlian no mar sin :- Do dheanfhainn cruach is stácha, "Is do thógfhainn péirse claidhe. Do chasfainn súiste am láimh deis.
Dá bhfaighinn mo sásach díghe"- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann