Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)

Suíomh:
Maulatrahane, Co. Cork
Múinteoir:
Dll. Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meall an tSrutháin
  2. XML Leathanach 039
  3. XML “An Súiste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deintear úsáid den Súiste chun an choirce do scaramhaint de'n tuighe Colap na Súiste a tugtar ar an rud a bhíonn sa lámh agus an buaileán a tugtar at an gcuid den súiste a bhuaileann an phunann. Bíonn an Colap agus an buailean ceangailte le chéile le h-iall. Bíonn an iall déanta de chroiceann chapaill. Ach in ionad na n-iall is le cnáib atá siad ceangailte anois.
    Bíonn Colap na Súiste agus an buaileán déanta don darach a gheibtear san choill agus is fuiriste annsan iad do cheangailt le chéile. Is féidir le gach aoinne súiste a dhéanamh dá mbeadh dhá bhata láidir den dair aca. Ní fheaca mé súiste in aon leabhar fós ach san áiste do bhí ag Gomarí san Réalt a' Deisceart leath-bhlian no mar sin :- Do dheanfhainn cruach is stácha, "Is do thógfhainn péirse claidhe. Do chasfainn súiste am láimh deis.
    Dá bhfaighinn mo sásach díghe"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Breathnach
    Inscne
    Baineann