Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)

Suíomh:
Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dll. Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meall an tSrutháin
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Feirm m'Athar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá caoghadh a dó acra talmhan ag m'Athair agus tá ceithre páirceanna deug sa bhferim.
    Siad so na h-ainmeacha atá ortha:- Móintean Dubh, Cúil a Drúinn, Píosa na Clocha Bána, An Clais, Cnuc a Bhiotheamhnaig, An Ínse agus an Cúitín. Is é an fáth gur tugadh Móinteán Dubh ar an gcéad pháirc mar móinéar is eadh é agus tá ithir dubh inte. An Clais annsan páirc is ea é agus tá cnoca beaga ar chuid de. Tá cnoc cuibhseach mór ar bharr na pháirce sin ar a dtugtar Cnuc a' Bhiotheamhnaig mar do goideadh bó ó mo Shean Athair ar an gcnoc san timceall céad blian ó shoin agus sin é an fáth gur tugadh an ainm sin air. Páric comhthrom is eadh an Ínse gan cnuc ná árdán ar. An cúilín is eadh páirc ana bheag ar fad ina mbíonn na ba gach tráthnóna.
    Tá mórán áiteanna ar an gcnoc agus tá a lán ainmeacha ortha. Seo iad Pluais an Ghadaidhe, Barr na Staighrí, Clais Fhada, Mullach Dubh agus tá tig ar an gcnoc leis ach cabhlach is eadh é anois agus níl ach na fallaí ann anois. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chómhnuidhe sa tig sin agus do bhíodh sé ag goid agus do crochadh i gCorcaig é agus nuair do bhí sé dá chrochadh dubhairt sé
    "Má bhfuil aoinne annso ón Iarthar tá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Maighréad Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cuileannach, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Aindriú Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cuileannach, Co. Chorcaí