Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)

Suíomh:
Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Risteárd Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Droch-Shaoghal
    Ins an droch-shaoghal nuair a bhíodh na prátaí bainte ag na bhfeirmeoirí théigheadh na daoine ag romhar arís ag lorg aon phráta a bhí ins an talamh.
    Ag an am sin thabharadh na Protastúnaigh anairthe dos na daoine gur raibh ocras orhta agus dos na Caitilicidhe iná tompóchaidís a gcreideamh. Bhí suas go míle duine ar an oileán an uair sin ach níor thóg aon duine acu an anairthe. (Bhí suas le sé clann de Phrotastúnaigh san áit ach níl ach aon chlann amháin ann anois. Bhí tigh- saghas tampaill, ag na Protastúnaigh an uair sin annso ach tá san imtighthe fadó. Ní bhíodh aon ministéir annso ach léigheadh fear darb'ainm Young na paidreacha dóibh. An clann atá ann anois téigheann siad anonn go Dún na Séad ag paidireóireacht).
    Tá an suidheamh in a raibh an tigh anairthe (soup house) le feiscint fós in aice na háite in a bhfuil muinntear Uí Connchubhair ag comhnuidhe anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge