Scoil: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (uimhir rolla 13762)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. M. Rosáraí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a cailleadh é. Do chuir an bhean seo a lámh ar an dorugha agus do chimil sí rud éigin leis. Níor labhair sí focal agus ní fhéadhadh seisean labhairt. Cheap sé go dtáinaig rud éigin in a scórnach. D'fhéach sé síos arís agus bhí sí imthighthe síos go bun fairrge.
Nuair a bhí sé ag dul abhaile an tráthnóna sin, gach áit a chaitheadh sé a dhubhán amach bheireadh sé ar iasg. As san amach, bhí sé ar an bhfear do b'fhearr, cun iasg do bhreith 'sa ceanntar.
Connachthas maighdean mara in aice le h-Oileán Bhéara freisin. Bhí daoine ag bádóireacht in aice le Dún Baoi, agus chualadar amhrániócht binn in aice le h-Oileán Bhéara. Chuadar i dtreo na h-amhránuidheachta ac nuair a bhíodar i ngar leis, ní raibh sé le cloisint níos mó, ach bhí bean istig i gCuas ann agus bhí sí ag cíoradh a cuid gruaige. Nuair a connaic sí na fir do léim sí isteach sa fairrge agus ní fheaca aoinne í ó shoin. As san amach tugadar "Cuas na Maigdine" ar a gcuas in a raibh sí.
Bhí long ag teacht ó Cóbh go Carraig na Madraí in Oilean Béarra uair amháin agus nuair a bhíodar amuigh i ndoimhneas na fairrge do chonnacadar Maighdean Mara. Do shéid an ghaoth annsan agus do bathadh an long. Tá a lán sgéalta eile ann i dtaobh Maighdean Mara agus san chuid is mo díobh do dheineadar díoghbháil agus is dócha gur droch-comhartha iad d'feiscint.- Bailitheoir
- Éibhlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Calaros, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máighread Bean Uí Donnchacha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Láithreach, Co. Chiarraí