School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (roll number 13762)
- Location:
- Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
- Teacher: An tSr. M. Rosáraí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Piseóga a bhaineann le ím agus bainne:- Deireann na sean daoine nách ceart bainne do thabhairt d' aeinne Lá Bealtaine mar go mbeadh sé gá thabhairt amach i rith na bliana ar fad. Ní ceart dul isteach i dtig na mbíonn cuigeann ar siubhal gan casadh do thabhairt ar an gcuigeann. Ní ceart teine do cur amach as an dtig an faid a bhíonn cuigeann gá dhéanamh. Is ceart cuigeann do dhéanamh Lá Bealtaine agus muna mbíonn uachtar agat ceann do dhénamh i mbuidéal. Ní ceart bó an cómharsan do crú Lá Bealtaine mar go mbeadh maitheas an bó sin agat i rith na bliana. Ní ceart bó do bualadh le'n a lainceis. Ní ceart maothal do leagaint ar an dtalamh san buicéad go ndeineann tú cómharta na Croise trí uaire ó's cionn na teine. Piseóga ag baint le na marbh:- Ní ceart cos na cómhran do thabhairt isteach ar dtúis i dtig agus nuair a bhíonn sé a iomchar amach is ceart cos na cómhran do dhéanamh cur amach ar dtúis. Nuair a bhíonn duine marbh ní ceart caoineadh do dhéanamh go dtí go mbíonn gúna an bháis air. Ní ceart dul(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- An Failleán Thiar, Co. Chorcaí
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- An Seanbhaile Liath, Co. Chorcaí