School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (roll number 13762)

Location:
Castletownbere, Co. Cork
Teacher:
An tSr. M. Rosáraí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara
  2. XML Page 039
  3. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Piseóga a bhaineann le ím agus bainne:-
    Deireann na sean daoine nách ceart bainne do thabhairt d' aeinne Lá Bealtaine mar go mbeadh sé gá thabhairt amach i rith na bliana ar fad. Ní ceart dul isteach i dtig na mbíonn cuigeann ar siubhal gan casadh do thabhairt ar an gcuigeann. Ní ceart teine do cur amach as an dtig an faid a bhíonn cuigeann gá dhéanamh. Is ceart cuigeann do dhéanamh Lá Bealtaine agus muna mbíonn uachtar agat ceann do dhénamh i mbuidéal. Ní ceart bó an cómharsan do crú Lá Bealtaine mar go mbeadh maitheas an bó sin agat i rith na bliana. Ní ceart bó do bualadh le'n a lainceis. Ní ceart maothal do leagaint ar an dtalamh san buicéad go ndeineann tú cómharta na Croise trí uaire ó's cionn na teine.
    Piseóga ag baint le na marbh:-
    Ní ceart cos na cómhran do thabhairt isteach ar dtúis i dtig agus nuair a bhíonn sé a iomchar amach is ceart cos na cómhran do dhéanamh cur amach ar dtúis. Nuair a bhíonn duine marbh ní ceart caoineadh do dhéanamh go dtí go mbíonn gúna an bháis air. Ní ceart dul
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Mhurchadha
    Gender
    Female
    Address
    Felane West, Co. Cork
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Mhurchadha
    Gender
    Female
    Address
    Shanavallyleigh, Co. Cork