School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (roll number 13762)

Location:
Castletownbere, Co. Cork
Teacher:
An tSr. M. Rosáraí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara
  2. XML Page 031
  3. XML “Fáltas i dTúr Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Coimhnuigheann sean fhear ar a dtugtar Seán Ó Suilleabháin i dTúr Mór. Tá feirm bhreágh talmhan aige.
    I lár na feirme, tamall beag ón dtig tá páirc riascaig a ar a dtugtar Muing Dhubh agus tá paiste beag talmhan i lár na páirce a bhíonn tirm glas i gcómhnuidhe, cé go mbíonn an cuid eile de'n pháirc fliuch pludach.
    Sa phaiste seo, deirtear gur cuireadh fathach fadó agus mar ba gnáth sa'n am san cuiread a chlaidheamh leis.
    Bhí an fheirmeóir seo ag tógáil claidhe lá agus bhí sé ag lorg cloch. Nuair a tháinig sé go dtí an áit seo d'iompuigh sé leac agus fuair sé claidheamh cré-umha fé. Thóg sé leis é agus cuireadh go dtí an Múseum Náisiúnta é agus tá sé ann ó shoin i leith.
    Claidheamh an-tabhachtach iseadh é seo mar deirear gur deineadh é i Ré na Cré-umhna sar ar táinig ár Slánuightheóir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Tooreen More West, Co. Cork
    Collector
    Eibhlín Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Lyre, Co. Cork
    Informant
    Seán Ua Súilleabhán
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Tooreen More West, Co. Cork