Scoil: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (uimhir rolla 13762)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. M. Rosáraí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa ceanntar seo deirtear nuair a cíthtear Maighdean Mara gur droch chomhartha é agus go bhfuil bás i ndán do duine éigin. Ach tá daoine eile sa ceanntar leis nach bhfuil ar aon aigne leó san. Seo sgéal a fuaireas a cuireann im'aigne nách droch chomhartha iad d'feisgint.
Tá bean in a comhnuidhe in aice mo thig-se. Máire, Bean Uí Shúilleabháin is ainm di. Síothcain a b'ainm di roimh pósadh. Iasgaire dobh eadh a sean-athair agus bhí clann mór aige le chothú. Pádruig Ó Síochchain darb ainm dó.
Lá amháin bhí an fear seo ag iascac in aice áit ar a dtugtar Caladh Ros, timcheall leath mhíle ó'm thig. Ní raibh puinn éisg le bhreith aige agus bhí sé i gcrúdhcás mar bhí sé ana bhocht ar fad.
Chualaidh sé fuaim éigin in a aice. D'fhéac sé síos, agus bhí bean deas aluinn in a aice. Bhí a gruaig go h-an-fhada agus cheap sé dá mbeadh sí 'na seasamh go mbeadh sé "ag folach a broga síos go féar". Bhí an cuid uachtar di cosamhail le mná, act bhí eirbeall uirthe cosamhail le trosc mór óg. Níor fhág breaghthacht a ghne á cheann do dtí an lá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éibhlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Calaros, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máighread Bean Uí Donnchacha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Láithreach, Co. Chiarraí