School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (roll number 13762)

Location:
Castletownbere, Co. Cork
Teacher:
An tSr. M. Rosáraí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara
  2. XML Page 038
  3. XML “Maighdean Mhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a cailleadh é. Do chuir an bhean seo a lámh ar an dorugha agus do chimil sí rud éigin leis. Níor labhair sí focal agus ní fhéadhadh seisean labhairt. Cheap sé go dtáinaig rud éigin in a scórnach. D'fhéach sé síos arís agus bhí sí imthighthe síos go bun fairrge.
    Nuair a bhí sé ag dul abhaile an tráthnóna sin, gach áit a chaitheadh sé a dhubhán amach bheireadh sé ar iasg. As san amach, bhí sé ar an bhfear do b'fhearr, cun iasg do bhreith 'sa ceanntar.
    Connachthas maighdean mara in aice le h-Oileán Bhéara freisin. Bhí daoine ag bádóireacht in aice le Dún Baoi, agus chualadar amhrániócht binn in aice le h-Oileán Bhéara. Chuadar i dtreo na h-amhránuidheachta ac nuair a bhíodar i ngar leis, ní raibh sé le cloisint níos mó, ach bhí bean istig i gCuas ann agus bhí sí ag cíoradh a cuid gruaige. Nuair a connaic sí na fir do léim sí isteach sa fairrge agus ní fheaca aoinne í ó shoin. As san amach tugadar "Cuas na Maigdine" ar a gcuas in a raibh sí.
    Bhí long ag teacht ó Cóbh go Carraig na Madraí in Oilean Béarra uair amháin agus nuair a bhíodar amuigh i ndoimhneas na fairrge do chonnacadar Maighdean Mara. Do shéid an ghaoth annsan agus do bathadh an long. Tá a lán sgéalta eile ann i dtaobh Maighdean Mara agus san chuid is mo díobh do dheineadar díoghbháil agus is dócha gur droch-comhartha iad d'feiscint.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Éibhlín Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Collorus, Co. Kerry
    Informant
    Máighread Bean Uí Donnchacha
    Gender
    Female
    Address
    Lauragh, Co. Kerry