Scoil: Athgarvan, Curragh (uimhir rolla 13350)

Suíomh:
Áth Garbháin, Co. Chill Dara
Múinteoir:
Bean Mhic Niocaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athgarvan, Curragh
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “Scéal DD”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal DD

    Is ó O'Callaghan's Mills i nOirthear an Chláir a tháinig athair mo shin-shean-athar go Cill Mháille.

    Is ó O'Callaghan's Mills i nOirthear an Chláir a tháinig athair mo shin-shean-athar go Cill Mháille. Nuair a bhí sé na chómhnuidhe sa Mills chuaidh se go cathair Luimnighe lá ag marcuigheacht ar a chapall. Bhí sé dorca nuair a bhí sé ag filleadh abhaile an oidhche sin. Bhí sé déanach ach ní raibh sé ró-dhéanach. Tháinig sé ceart go leór nó gur shrios sé áit sa bhothar 'na raibh leath - aill ar thaobh dé. Annsan siad an capall go hobann agus cos eile ní raghad sé. Do leasg me shin - shean athair leis an bfuir é agus do chuir na priocaí go smiar air ach niorbh am mhaith dó. Bhí an capall ag prom sál ar an mbóthar agus ag raide agus bé dhicheall domh shin-shean athair gan é leigint leis an leath-aill. Bhí sé ag gabhail dó, chun go raibh sé cráidte. Sa deire chuaidh an saighdhiúir anoch thareis - saighdiú gan ceann! leis sin do chuir an capall beic uathbhásach as, agus as go brath leis agus níor fhéad mo sin-shean-athair stop do chur leis chom go raibh trí mhíle Slighe curtha de. Bhí sé ag crith annsan agus cubhar ag tuitim leis. Do stad mo sín-shean-athair ag tígh-tabhairbe a bhí in aice leis. Ní raibh na daoine ann ná bhuachaill óg an capall do ghlanadh fhaid is a bheadh sé féin ag ól braoinín chun a mhisneach d'fhághail thar nais. D'innis sé a scéal do mhuinntir a tighe a tabhairne, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Suíomh
    Cill Mháille, Co. an Chláir
    Bailitheoir
    Bríghid Bean Mhic Niocaill
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)