Scoil: Athgarvan, Curragh (uimhir rolla 13350)
- Suíomh:
- Áth Garbháin, Co. Chill Dara
- Múinteoir: Bean Mhic Niocaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athgarvan, Curragh
- XML Leathanach 190
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí feirmeoir ina gcómnuidhe in aice lei i Litir Ceallaigh nuair a lei sí na cailín óg.”
(ar lean ón leathanach roimhe)cúpla blaidna. Bhí siopa beag in aice leis an dtigh nuadh a bhí aige agus théigheadh buacaillí na haite ann gach oidhche ar cuairt díob féin agus uaireannta bhíodh síad ag imirt cártaí agus uaireannta ná bhíodh. Sa deire níor fheád an fear gan dul in eicfeacht leo. Bhí sé de lath-scéal aige go raibh cuideactan go leór sa bhaile ag a mhnaoi nuair a bhí leanbh nó beirt aici.
Thosnuig sé mar sin ar na cáirtí, ach má dhein, gach oidhche nuair a thuiocfaidh sé abhaile bíodh a bhean leach-mharbh leis an scannrad roimhis. Sé an scéal céadta a bhiodh aici i gcómhnuidhe, ná raibh sé i bhfad intighthe ón dtigh nuair a thosnuigeadh an tóir agus an fothrom mór- thimcheall an tihe ach ná sradadh sé chun go mbeadh sé sa bhaile beagnach. Anois is arí d'fhanadh an fear sa bhaile, ach an oidhche d'fhan sé sa bhaile níor airig sé pioc mar ní raibh faic le cloisint. Annsan cheap sé gur ag innsinc bréagh a bhí a bhean d'fhonn é a choiméad sa bhaile gach oidhche, ach oidhce áirighthe nuair a tháinig sé abhaile ní raibh bean na páiste ann roimhis. Rith se amach go tig comhursana á lorg agus ceart go leó bhí an bhean ann ach ní mór ná go raibh n t-anam iontí. Bain eadh an-geic ar fad aisti an oidhche sin. Thug bean a chomhursana aghaidh na muc is na madraí air annsin. Dubhairt sí gur mór an náire dho beich ag dul amach ar a chuairt gach oidhche agus an fhios aige go maith go mbeadh sprideanna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bean Thomáis Uí Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mháille, Co. an Chláir