Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 296

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 296

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 296
  3. XML “Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'fághailt. Bhuail sí isteach ann i meadhan lae agus bhain sí naoi mbeart luibheanna agus naoi luibh in gach beart fé mar do beartuigheadh dí. Do leig sí a glúin fuithe ansan agus dúbhairt sí cúig "Ave Maria" ar son mná na luibheanna. Nuair d'eirigh sí d'fheach sí taobh thiar di agus connaic sí bean beag in a seasamh le h-ais an geata. Do labhair sí agus dúbhairt, "Mise aodhaire an teampaill agus go deimhin a bhean ní h-aon am de'n lá dhuit bheith á mbaint sin. Dá maireadh an t-Athair Ghrióbhthínn ba bheag air tú bheith ag priochadh na feasoíge dhe agus má tá do teacht anso airís bí anso roimh eirighe na greíne nó tar-éis na greíne dul síos." Níor labhair an bhean le neart scannradh. Do lean an bhean eile uirthi "Go deimhin níor gádh dhuit an sgrios go leír a dheanamh; deánfadh naoi ngas aca san do ghnó agus an deicheamhadh ceann do caitheamh uait." San a dúbhairt sí agus sgeinn sí as radharc na mhná. B'amhlaidh a bhí sé d'fhiacaibh ar an mhnaoi seo aire a thabhairt do'n teampall agus dá brígh sin do sgaoil sí faobhar a teangan ar mhnaoi na luibheanna.
    Ní maith le h-aoinne a dhuine do chur Lá Coille ar eagla go gcuiread sé a chuid de'n tsaoghal idir dhá cheann na bliadhna.
    Rud eile nár maith leis na sean-daoine do beadh "réabadh reilge". 'Sé rud é sin ná duine do thógaint tar-éis a curtha agus é do cur in áit éigin eile. Deirtear go ndeintear "ceirtlíní níghe de shliocht a leithéid siúd mar duine. Deirtear nár cheart uaigh do dheargadh Dé Luain toisc gurb é an luain tosach na seachtmhaine mar deirtear go n-imthigeadh an clann go léir annsan. Is mór an mí-ádh leis duine do thuitim no leagadh do bhaint as sa reilig mar deirtear go bhfagadh an duine sin bás roimh bliadhna. Má bíonn cómhra in uaig go mbíonn duine le cur ann, tógtar an chómhra san agus cuirtear an cómhra nuadh-tagaithe féi.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge