Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 277
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann uair, agus nuair a dhúisigh sé san oidhche chonnaic sé an solus san chistin.”
Bhí fear ann uair, agus nuair a dhúisigh sé san oidhche chonnaic sé an solus san chistin. Bhí iongnadh air cad fé ndear an solus mar, dár leis, ba cheart do'n teine bheith i n-éag i bhfad roimis sin. Tháinigh sé go dorus an tseómra agus chonnaic sé bean leath-chríona agus í n-a suidhe cois na teine. Bhí an teine ar dhearg-lasadh aice agus í go compórdach di feín. D'fhiafruigh sé dhi an fada a bhí sí annsan agus dúbhairt sí leis go raibh sí ann le dhá bhliadhain. D'fhiafruigh sé dhi an fada a bheadh sí ann agus dubhairt sí go mbeadh sí ann ar feadh ocht mbliadhna déag. Dubhairt sé leí ná beadh. Dubhairt sí ná'r dhein sí aon nídh as an tslighe agus nách déanfadh sé aon nídh as an tslighe coidhche.Do tháinig an fear annsan agus do dhein sé tig nuadh agus tharraing sé leis gach aon chloch a bhí san tseana-thig. Tráthnóna dá raibh sé ag gábhailt tré an bhodhrach do chonnaic sé an bhean so agus í suidhte san áit 'n-ar cheart do'n teine a bheith san tsean-thigh(gan teideal)
“Ní ceart athrú a dhéanamh i rith an Charghas….”
Ní ceart athrú a dhéanamh i rith an Charghaois, sé sin, ní cheart do dhuine a thig d'fhágaint agus dul chun cómhnuidhe i dtig eile i rith an tréimhse seo.(gan teideal)
“Bhíodh cúlóg ar ghach aon chapaill fadó….”
Bhíodh cúlóg ar ghach aon chapaill fadó, sé sin, bhíodh bean suidhte taobh thiar do'n bhfear ar mhuin an chapaill.