Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)á ndúnadh, an saghas céadna a cidhfeá i gcró bó anois. Bhíodh lochtaí slaite agus dhá shail á gcoiméad anáirde ins na tighthe seo. Ní bhíodh aon aol fés na tighthe ud, ná aon mhairtéil acht an oiread. Tighthe fuara, gan bualadh, gan gealadh ab' eadh iad, agus ba mhinic sgrufáín, siad san, gabháil mór slat agus téad casta timcheall air, mar dorais aca sa tsean shaoghal. Bhíodh na h-ainmhidhthe fé dhíon na dtighthe seo, chómh maith leis na daoine. Bhíodh an capall ceangailte le h-ais an raca, agus taobh thios de bhíodh na gamhna. Bhíodh na ba agus na beithidhigh amuigh i gcró. Bhíodh cúb fé'n driosúr i gcóir na gcearc, agus istigh san gcúb sin a bhíodh na cearca. Ba shuarach an méid cearc a bhíodh ag na daoine ar aon tslighe. 'Sé rud é cúb, ná, bosga adhmaid agus lataí tárnálta dhe chun na cearca do c hoiméad istigh. Bhiodh umar fé cheann an chapaill chun an aiteann bruighte do chur ann, chun go n-íosfadh an capall é. Bhaintí an aiteann so le grafán agus do ghearrtaí agus do bhrughtaí í le gearradóir. Thíos nó shuas sa tseómra a bhíodh na leabacha, nó bfhéídir thuas ar an lochta slaite. Saoistíní, b'iad san saghas cataoireacha déanta de thuighe nó de choirce, a bhíodh mar cathaoireacha aca. Bhíodh stólanna beaga adhmaid aca leis. Ní raibh dréímirí ná staighrí aca, agus b'é an slighe a theighidís anáirde ar na lochtaibh ná, seasamh ar an mbórd agus greim a bhreith ar an saill(leanann ar an chéad leathanach eile)