Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 231
- XML “Tórraimh agus Sochraidí”
- XML “An Aimsear”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Fuaireasa mo shean duine báidhte i bpoll móna,Cos leis briste, agus cos leis leóinte,Thugas abhaile é chun é do thórramh,Agus d'imthigheas go Corcaigh ag iarraidh gleás tórraimh.Píop, tobach, cailc agus cómharannNuair a thánga abhaile leis an ngléas tórraimhCá raibh mo shean-duine acht amuigh ar an mbóthar"
- Sin doras amháin ar an saoghal so ná féadfaimíd-ne an glas a chur air ná an glas a bhaint de, nó chun é a rádh i n-a mhalairt de shlighe, rud isead é, má's chóir a rádh, atá fé stiúiriú "Riaghaltas" na bhFlathas. N'fhéadfaimís brath a leathad ar solas na gréine ná "eochair aibhleíse na gealaighe" do chasadh, agus dá mbeimís ag tabhairt ordú do'n ngaoith a chuid cosgán do tharrac, go dtí go mbeadh ár nguthanna ar aon leibhéal le guth an phréacháin, sé an sgéal céadhna a bheadh againn.Do réir cainnt na "gceann mbán" ba mheasa fé dhó an aimsear a bhí ann fadó ná aimsear na h-uaire seo. Dar leó is féidir tuilte atá ann anois do dhiúgadh i gcupán. Bhíodar san mar(leanann ar an chéad leathanach eile)