Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tá uair na hathchuinge ann, sé sin go bhfaghadh duine a athchuinge, dá mbeadh sé ag guidhe chun é d'fhághail, an uair aírighthe de cheithre uaire fichead an lae.”
(ar lean ón leathanach roimhe)raca i gcaitheamh na h-oidhche agus an lae i-n a dhiaidh, agus gan de phort aige ach "mo thalamh is mo thighearnas do bheith ag Diarmuid, agus mo theaghlach go léír ó'm bhás amach." Uair éígin agus b'é uair na h-athcuinge é, mí-adhmharach go leór, cad a thuitfeadh i-n a bhéal acht píosa súng agus d'iompuigh sé an teanga, agus arsa seisean "loscadh agus doghadh ort, a bhothainín súigh" Do fuair sé a athchuinge agus do thóg an bothainín teine. Dá leadadh sé leis an athcuinge a bhí aige i dtosach bheadh an botháínín, agus an talamh ag Diarmuid, acht d'fhág an súgh easba talmhan agus easba tighernais ar Dhiarmuid bhocht. B'é Diaruid an mac tá's agat.