Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 209

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 209

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 209
  3. XML “Cathair Saidhbhín sa tSeanaimsir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhein an mhuileann seo an obair dheireannach. Ní raibh aon bannc i gCathair Saidhbhín fadó, agus bhí a rian air, istigh i sean-adarchanna na mbó a choiméadadh na daoine a gcuid airgid. Téigeadh cuid des na daoine go banncanna Thraíghlí.
    Deirtear gur chuaidh fear ó nDúire i bparoísde na Dromoide go bannc i dTráighlí. Nuair a srois Bealach Oisín ar an gceann thoir de'n pharoísde, do shuid sé síos chun a chuid airgid do chomhaireamh. Díreach agus a chuid nótaí púnt ar a ghluín aige, do shéid cómhach gaoithe agus thug sí sgiatháin do gach nóta aca. Bhí súil annso agus súil annsúd ag an bhfear mbocht féachaint cá luighfeadh gach nóta aca. Bé deire an sgéíl ná bhfuair sé leath a chuid airgid riamh.
    Maidir le na banncanna, áit chómhnuidhthe na ngárdaí a bhí san bhannc náisiúnta atá i gCathair Saidhbhín. Annsan deineadh an tig a leagadh in aimsir an chogaidh dos na gárdaí, agus deineadh bannc de'n tsean-áit chómhnuidhte a bhí aca. B'é sin an Bannc Náisiúnta, an chéad bhannc a dheineadh i gCathair Saidhbhín. Ní raibh acht bheirt gárdaí i gCathair Saidhbhín san am seo, agus b'é an sgéal chéadna ag an gCurrán é. Ní raibh aon ospuidéal i gCathair Saidhbhín fadó, acht i mbaghago trí míle soir ó'n gcathair. Bhíodh óráidí á dtabhairt agus gnóthaí puiblidhe na h-aíte á socrú san ag seo atá i n-a óspuidéal do pharoíste Chathair Saidhbhín indiu.
    Tá deich mbliadhna is trí fichead ó deineadh tig an mhargaidh. Óir ná raibh aon áit ag na feirmeóirí chun a gcuid ime do dhíol ann, thuas i bpáirc an aonaigh a bhídís agus a gcuid fircíní aca. Bíodh ceannuightheoírí ag ceannach an ime uatha. Maidir leis na h-uibhe is amhlaidh a theígheadh mná tímcheall chun na ndaoine ag díol na n-ubh leó, ghach Dé Márt. Ceannuighdís na h-uibhe seo ar arigead an-bheag, trí cinn d'uibhe ar phinginn, nó cúig cinn ar dhá phingin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge