Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 202

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 202

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 202
  3. XML “Mairbhne Thaidhg Mhic Carrthaigh, Sagart”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ba lulthmhar mear é ar each ná striócfadh siar
    'Sé mo chuma, mo chreach nár mhair san tír ach bliain
    Le croidhe mór maith ag teagasg daoine ó Dhia.

    (XVI)
    A Chríost na n-Aingeal ar a anam den trócaire
    Guidhim is acnuighim ort seasamh do mo scrios
    Ar polla- maith sagart sa chathair ag feóchadh fé'n lic
    Is stopfhad dein' stairthibh an fhaid mhairfead go deó m'osna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    File maith a b'eadh Seán Ó Súilleabháin, agus do bhí a lán eólas aige ar stair agus ar sheanchas na tíre...

    Do chúm Seán Ó Súilleabháin an Mairbhne seo. Do mhair Seán i mBarra na Sraíde i gCathair Saidhbhín timcheall 1900.
    Is leis an bhFiabhras a fuair an sagart bás - an Fiabhras Buidhe a bhí imeasg na ndaoine. Fuair sé bás 18-8-1869 in aois 42 blian - é 12 blian 'n-a shagart.

    File maith a b'eadh Seán Ó Suílleabhaín, agus do bhí a lán eólas aige ar stair agus ar sheanchas na tíre pé nách fuair sé aón scolaíreacht riamh. Is ar éigin do bhí sé ábalta ar léigheamh agus níor fhéad sé scríobh in aon chor. Na dhiaidh sin is uile, do bhí ceann maith aige agus is mó duine chaith na blianta ar scoil nách raibh chómh foghlumtha, deagh oilte le Seán i ndeire an scéil. Nuair fuair sé bás bhí an bóthar réidh glan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.