Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 190
- XML “Scéal i dTaobh na bhFiann”
- XML “An Gorta”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thus i gCill Seanna agus chun dul amú a chur ar Fhionn do bhuail sé tímcheall an tuair. Táinigh an oidhche ortha thuas ar an gcnoc. Do chaitheadar an oidhche fén lic mór agus Fionn go dian ar a dró[?]. Ó shoin amach glaodhtar leaba Dhiarmada air. Is mór siúbhlaí bocht do fuair fothain san ló agus loísdín san oidhche ann.
- Do thagadh na daoine ó'n meadhon tír go dtí na Cealla tímcheall am an Gorta, mar do chothuigheadh na h-uaisle iad. Bhí seisear ann agus ó bhuail an Fiabhras iad bhíodar sínte i bpoll. Do fuair ceann aca darbh' ainm dó Séumas Leathan ó Rínn bás agus glaodhtar Poll an Duine Mharbh ar an áit ó shoin. Bhí sé ann ar feadh choigchíse. Bhí bean ag teacht abhaile ó'n gcathair agus fuair sí lagacar ar an mbóthar. Tháinig Séumas cúiche agus d'iarr sí air é do chur agus do chuireadh é annsan.
(gan teideal)
“Abfhad sara deineadh bóthar Chealla bhí abha ag rith annsúd.”
Abfhad sara deineadh bóthar Chealla bhí abha ag rith annsúd. Bhíodh sprid bán gléigeal ag damhas ag béal na h-abhann. Oidhche amháin tháinig tuille mór san abhainn agus do chur san isteach ar an mbanrioghain. Do labhair an bhannrioghan leis agus dubhairt sí leis an abha dul síos i ngleann eile, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)